Caibidil 4

Póstaeir a chur in airde

Cad é sin?

Is éard atá i gceist le póstaeir a chur in airde ná iad a chrochadh in áiteanna poiblí. Is féidir leo teachtaireacht a chur in iúl, a bheith gríosaitheach agus ceisteanna a chur, nó imeacht feachtais atá le teacht a fhógairt. 

Uaireanta taispeánann feachtasóirí sraith íomhánna le scéal a insint. 

Féach ar phóstaeir an ealaíontóra Guerrilla Spam: https://www.guerrillaspam.it/35venezialand.html

https://www.guerrillaspam.it/listposter.html

Ba chóir go gcruthódh feachtas póstaeir maith suim agus fiosracht agus daoine a spreagadh le níos mó a fhiosrú. Mar sin déan cinnte go gcuireann tú # nó cód MF le do phóstaer. 

Conas a dhéanann tú é?

Teastaíonn trí rud uait le feachtas póstaeir iontach a chruthú:

  1. Ealaíontóir a dhearfaidh rud spreagúil agus tarraingteach 
  2. Airgead le haghaidh priontála 
  3. Oibrithe deonacha a chuirfidh na póstaeir in airde

 Ansin beidh ort a chinntiú nach bhfuil tú ag briseadh an dlí de thaisme:

  • Bíodh meas agat ar mhaoin phoiblí agus phríobháideach - déan cinnte go n-úsáideann tú gliú atá furasta a bhaint agus nach ndéanann milleadh ar an mballa. Ná húsáid péint, go háirithe má tá tú ag cuir póstaeir in airde ar fhoirgneamh stairiúil nó poiblí.
  • Seiceáil na rialacháin áitiúla lena chinntiú nach bhfuil tú ag sárú aon dlí nó gur féidir leis na póilíní tú a agairt nó a ghlaoch.
  • Smaoinigh ar chead a iarraidh ar úinéirí na mballaí inar mhaith leat do phóstaeir a chur in airde orthu.

Cén fáth agus cathain ar chóir duit é a úsáid?

Is taictic iontach é an póstaeir a chur in airde nuair is mian leat aird daoine a tharraingt ar shaincheist a fheiceann siad nó a shiúlann siad thart gach lá, ach nach dtugann siad suntas do toisc go bhfuil sé chomh haitheanta agus normalaithe. 

Mar shampla: má chuireann tú líníocht bruscar taobh le bosca bruscair nó limistéar truaillithe leis an bhfocal “Oideachas” nó líníocht d’iasc le trí shúil, bainfidh tú geit as daoine, agus b’fhéidir go n-aithneoidh siad go tobann nach bhfuil sé ceart go leor an truailliú uafásach seo a bheith in aice lena dtithe. Ansin is féidir leat leas a bhaint as an ngeit agus as an bhfeasacht sin le do chéad ghluaiseacht eile a phleanáil i dtéarmaí infheictheachta.

Is fearr a oibríonn i dteannta le:

Má d’éirigh le d’fheachtas póstaeir aird an phreasa nó daoine a mhealladh ar na meáin shóisialta, beidh éifeacht iolraitheora agat. 

D’fhéadfadh sé a bheith ina deis mhaith iarraidh ar iriseoir áitiúil an scéal a chlúdach mar go bhfuil sé suntasach agus cruthaíonn sé idirphlé. Rannpháirtíocht na meán ansin beidh lucht féachana níos mó fós agat agus tabharfaidh sé ardán duit ónar féidir leat labhairt ar feadh i bhfad faoi do cheist.

Fiosraigh níos mó

Seo roinnt naisc úsáideacha