Caibidil 4

Feachtasaíocht Thoghcháin

4 nóiméad léitheoireachta

Cad é sin?

I ngach tír san Eoraip, beidh toghcháin ann. Is éard atá i gceist le feachtasaíocht i dtoghcháin ná oibriú chun polaiteoir nó páirtí a thoghadh, ag seasamh mar iarrthóir toghcháin d’fhonn cumhacht pholaitiúil a bhuachan, nó fiú páirt a ghlacadh mar chleas le feasacht ar do cheist a mhúscailt. 

Rinne YouTuber Max Fosh agus Niko Omilana, an dara rud le linn toghcháin Mhéara Londain 2021. Chuidigh an cleas le vótálaithe níos óige a mhealladh le clárú le páirt a ghlacadh sna toghcháin, chomh maith le dul i ngleic leis an aoiseachas trí iallach a chur ar na meáin éisteacht le daoine óga. Mar shampla, fuair Niko agallamh leis an BBC sa deireadh, á raibh neamhaird á dhéanamh air i dtosach. Ansin d’úsáid sé é le cleas a dhéanamh orthu, ach seo scéal eile.

Conas a dhéanann tú é?

Más mian leat tacú nó dul i mbun feachtais d’iarrthóir nó do pháirtí, seo roinnt leideanna…

  • Labhair le cairde agus le teaghlaigh faoi na fáthanna a bhfuil a vóta tuillte ag an duine sin
  • Ná múineadh meilí don uan do agus ná cuir daoine amú 
  • Glac páirt i gcanbhasáil níos foirmiúla, mar shampla cnag a bhualadh ag doras nó bileoga a scaipeadh

Nuair a éiríonn leis an iarrthóir is fearr leat, déan cinnte go gcoinníonn tú brú orthu le haidhmeanna d’fheachtais a sheachadadh. 

Más mian leat seasamh mar iarrthóir, de ghnáth is gá duit tacaíocht a fháil ó pháirtí polaitíochta agus a bheith roghnaithe mar a n-iarrthóir. 

Níl páirtí ag daoine áirithe mar Max agus Niko - tá siad neamhspleách. Mheall siad aird ar a bhfeachtais, trí bheith spraíúil, tarraingteach, agus teachtaireachtaí dearfacha a sheoladh amach faoi vótáil agus rannpháirtíocht na hóige. 

Mar sin féin, is é an príomhghairm atá acu ná a bheith ina youtuber, mar sin, ní raibh sé de chuspóir riamh acu a bheith tofa. 

Mura bhfuil tacaíocht agat ó pháirtí, ba cheart duit iarracht a dhéanamh scéal neamhghnách a chruthú atá infheicthe, tarraingteach agus a leanann rialacha uile na feachtasaíochta freisin. Tabharfaidh sé níos mó infheictheachta duit agus meallfaidh sé aird an phobail i gcoitinne faoi na toghcháin. Féadfaidh tú d’fheachtas toghcháin a úsáid chun feasacht ar do chúis a ardú, fiú mura mbíonn an bua agat.

Cén fáth agus cathain ar chóir duit é a úsáid?

Tá an spás do dhaoine óga sa pholaitíocht ionadaíoch an-teoranta.

Tá sé seo ar dtús mar gheall ar aoiseachas, áit a bhfuil claontacht ann go bhfuil daoine óga ar bheagán táithí lena dtoghadh mar pholaiteoirí. Toghtar roinnt daoine an-óga chun na Parlaiminte, áfach - ní raibh Mhairi Black ach 21 nuair a toghadh í go Westminster, bhí Nadia Whittome 23. 

Ar an dara dul síos, is é 18 mbliana an aois vótála i bhformhór na dtíortha. Ciallaíonn sé seo go bhfuil líon na vótálaithe 18-25 bliana d’aois i bhfad níos lú ná in aoishrúpaí eile a fhágann go mbeidh sé deacair ort gearradh tríd.  

Ar an tríú dul síos, tá a gcultúr inmheánach féin ag páirtithe polaitíochta maidir le hiarrthóirí a fhágann go bhfuil sé deacair teacht chun cinn mar iarrthóir óg. 

Mar sin féin, le páirt a ghlacadh i dtoghcháin, fiú gan rún a bheith tofa, is féidir leat ardán a sholáthar duit chun do theachtaireachtaí a scaipeadh agus daoine a chur ar an eolas faoi do chúis. 

Déan cinnte go bhfuil sé ar intinn agat páirt a ghlacadh i bhfad roimh na toghcháin agus faisnéis a fháil cúpla bliain ar a laghad sula dtosaíonn an toghchán ar conas d’iarrthóireacht a chur i láthair.

Is fearr a oibríonn i dteannta le:

Aon Fheachtas PR nó Cumarsáide, Haiceáil Chúise, Gníomh Twitter , Rannpháirtíocht na Meán .

Fiosraigh níos mó

Seo roinnt naisc úsáideacha