Caibidil 4
Scéalaíocht
Cad é sin?
Is í an scéalaíocht an cineál cumarsáide is ársa a raibh daoine ag plé leis.
I bhfad roimh scéalta instagram, ba ghnách le daoine teacht le chéile le scéalta a insint agus a chloisteáil: timpeall an bhoird, timpeall na tine, in amharclann, i bpictiúrlann, ar an bhfón.
Trí scéalta daoine eile, is féidir linn rud a chloisteáil a labhraíonn orainn agus faoin domhan timpeall orainn. Is bealach é le ciall a bhaint as a bhfuil ag tarlú ar micrea-leibhéal agus ar macra-leibhéal. Nuair a labhraíonn tú le duine faoi do lá, nó nuair a insíonn tú do dhuine faoi eispéireas a bhí agat, tá tú ag insint an scéil sin. Tá tú ag cur an taithí sin i gcreat a chuidíonn le d’éisteoir tuiscint, comhbhá a bheith acu agus léirmhíniú a fháil.
Ag deireadh an lae, is sinn na scéalta a insímid.
Téann an scéalaíocht go croí ionainn. Dá bhrí sin, is teaictic é a fhéadann daoine a spreagadh le beart a dhéanamh. Is féidir scéal a úsáid le sampla a leagan síos, nó chun ligean do dhaoine eile tú a leanúint ar an turas a chuaigh tú air lena thuiscint go bhfuil ceisteanna ann atá gar duit agus ar mhaith leat athrú.
Conas a dhéanann tú é?
Tá bealaí gan teorainn ann le scéal a insint.
Is féidir leat scéalta a insint trí fhíseán, phost, thaispeántas, léiriú, chomhrá, nó méim.
Tá dhá rud le cur san áireamh agus scéal á insint agat:
- Cad faoina bhfuil do scéal? Smaoinigh ar cé hé do phríomhcharachtar, cén t-ord imeachtaí a lean siad, conas a sháraigh siad constaicí, agus conas a réitíodh a scéal i staid nua dóibh - maith nó olc
- Cé leis a bhfuil tú ag insint do scéal? Déan cinnte go mbaineann do lucht féachana leis an méid atá á rá agat - caithfidh siad ceangal le do charachtar agus freagairt mhothúchánach a bhraith leis an scéal atá le hinsint agat.
Cén fáth agus cathain ar chóir duit é a úsáid?
I gCónaí!
Is é scéal a insint an bealach is éifeachtaí le do theachtaireacht feachtais a chur in iúl.
Is é an scéalaíocht an bealach is tapa agus is fearr le go dtuigfidh daoine a bhfuil á rá agat leo agus cén fáth a bhfuil d’fheachtas tábhachtach.
Ní féidir le scéalta oibriú leo féin, áfach. Nuair a bheidh daoine gafa go mothúchánach le do scéal, déan cinnte go bhfuil staitisticí agus sonraí agat lena chur ina luí ar dhaoine cén fáth a n-oibríonn do réiteach ar do cheist. Is féidir leat samplaí a thaispeáint freisin den chaoi ar ghlac feachtais eile bearta den chineál céanna le torthaí maithe.
Comhcheangail sonraí le scéalta agus tá cás feachtais cumhachtach agat.
Is fearr a oibríonn i dteannta le:
Gach rud. Is é bunús na rannpháirtíochta le daoine é, mar sin, réitigh do scéal i gceart!