Caibidil 4
Cruinniú Pobail
Cad é sin?
Is áit é cruinniú pobail inar féidir leat daoine a thabhairt le chéile, casadh ar a chéile, pleanáil agus gníomhú.
Tá go leor cineálacha éagsúla pobail ann. Is féidir le ceann a bheith geografach – le go mbeidh sé eagraithe bunaithe ar do shuíomh. D’fhéadfadh gur grúpa pobail áitiúil é seo atá ag gabháil do thionscadal áitiúil. Is féidir cineál eile pobail a bheith bunaithe ar fhéiniúlacht - an pobal LADTA mar shampla. Cineál eile is ea ceann atá bunaithe ar leasanna.
Cibé cineál a bhfuil tú ag obair leis, is grúpa daoine iad pobail ann agus grúpa ina mbíonn gean ag daoine dá chéile agus áit a mbraitheann siad is dual dóibh, agus / nó a roinneann sprioc.
Conas a dhéanann tú é?
Sula dtosaíonn tú, fiafraigh duit féin cén fáth go bhféadfadh daoine a bheith ag iarraidh teacht chuig do chruinniú pobail. An bhfuil sé le bualadh le daoine ar aon intinn? Le líonrú? Nó gníomh sonrach a phleanáil? Déan cinnte go bhfuil tú soiléir faoina bhfuil i gceist leis an gcruinniú - níl tú ag iarraidh ar dhaoine teacht chuig ócáid líonraithe, dar leo, agus tú ag pleanáil cleas feachtais ina áit sin.
Chomh luath agus a bheidh tú soiléir faoi cad é ar a bhfuil do chruinniú, smaoinigh ar na rudaí seo a leanas:
- Cé atá ag teacht chuig an gcruinniú? An bhfuil an grúpa ionadaíoch ar an bpobal atá tú ag iarraidh a mhealladh? Mura sin an dóigh a bhfuil rudaí, smaoinigh ar an bpróiseas seo a mhoilliú agus níos mó 1-1 a bheith agat sula n-eagróidh tú do chruinniú pobail. Tá sé tábhachtach grúpa ionadaíoch a bheith agat ón tús.
- Cad iad na riachtanais rochtana atá acu? Déan cinnte go bhfiafraíonn tú de dhaoine an bhfuil aon riachtanais rochtana acu mar mhíchumas nó íogaireachtaí cultúrtha, ionas gur féidir leat pleanáil i gceart i leith seo, ag cruinniú fisiceach nó ar líne.
- Cén chaoi ar mhaith leat go mbraithfeadh daoine sa chruinniú ? Agus cad ba mhaith leat go mbainfidís den chruinniú? Smaoinigh ar chlár oibre, iarr ar dhaoine atá ag teacht a dtuairimí a bheith solúbtha agus réidh le hathrú.
Cén fáth agus cathain ar chóir duit é a úsáid?
Is gnách go mbeadh cruinniú pobail ar siúl tar éis duit an chéad chruinniú duine le duine a bheith agat le daoine ar mhaith leat oibriú leo. Is uirlis iontach é do dhaoine an chumhacht a bhraith a bheith mar chuid de ghrúpa, cinntí a dhéanamh le chéile agus gníomhaíocht a phleanáil.
Is fearr a oibríonn i dteannta le:
Oibríonn sé seo ar an dóigh is fearr tar éis feachtais éisteachta agus duine le duine , agus mar uirlis le cinneadh a dhéanamh ar na bearta eile a d’fhéadfadh an grúpa a bheith ag iarraidh a dhéanamh le chéile.