Caibidil 4

Dí-infheistiú

Cad é sin?

Is é atá i gceist le dí-infheistiú ná an cinneadh a dhéanamh stop a infheistiú i ngnó nó i gcomhlacht áirithe – m.sh. a thabhairt ar infheisteoirí chun a scair i gcomhlacht a dhíol. 

Úsáidtear dí-infheistiú le brú a chur ar earnáil áirithe (e.g. táirgeoirí fuinnimh), comhlacht ar leith amhail Coca-Cola nó Lloyds Bank, nó tír ar leith, a gcuid beartas agus cleachtas a athrú ag teacht le d’fheachtas.

Féadann cinntí infheistíochta an rialtais agus institiúidí móra mar ollscoileanna difríocht mhór a dhéanamh do ghnó. Má tá rialtas ag bagairt dí-infheistiú i gcomhlacht mór, mar shampla, féadfaidh sé iallach a chur ar chomhlacht a cuid beartas a athrú nó a bheith i mbaol méideanna ollmhóra airgid agus cumhachta a chailleadh.

Ach is féidir le dí-infheistiú oibriú ar leibhéal aonair freisin. Mura dtaitníonn an chaoi a bhfuil comhlacht ag gníomhú, is féidir leat dí-infheistiú trí do chustam a bhaint. Chomh luath agus a chasann tú do dhroim ar chomhlacht, b’fhéidir go spreagfaidh tú daoine eile chun an rud céanna a dhéanamh go dtí go leathann seo agus go gcuireann sé iallach ar an gcomhlacht treo a athrú. 

Conas a dhéanann tú é?

Mar shaoránach aonair, is féidir leat:

  • Cuir tú féin ar an eolas faoin gcaoi a bhfuil do bhanc ag infheistiú do chuid airgid. Mura dtaitníonn an méid atá á dhéanamh acu le do chuid airgid, aistrigh go banc eiticiúil.
  • Cuir tú féin ar an eolas faoin gcaoi a bhfuil do chiste pinsin ag infheistiú do chuid airgid agus roghnaigh ceann de réir do luachanna.
  • Cuir ina luí ar theaghlaigh agus ar chairde an rud céanna a dhéanamh.

Is cineál gníomhaíochta aonair é seo ar féidir le saoránach ar bith a dhéanamh.

Féadann comharghrúpa de shaoránaigh brú a chur ar institiúidí tábhachtacha dí-infheistiú go straitéiseach le hathrú a spreagadh. Mar shampla, go luath sna 1980idí, d’éiligh mic léinn ar champas coláiste ar fud SAM go stopfadh a n-ollscoileanna infheistíocht a dhéanamh i gcomhlachtaí a rinne gnó san Afraic Theas, mar agóid i gcoinne an chórais cinedheighilte. D’éirigh go hiontach lena bhfeachtas.

Cén fáth agus cathain ar chóir duit é a úsáid?

Is féidir le dí-infheistiú díriú ar:

  • Earnáil iomlán: 

Sampla: ná hinfheistigh i dtáirgeoirí breosla iontaise le brú chur orthu fuinneamh in-athnuaite a ghlacadh.

  • Comhlacht

Sampla: ná hinfheistigh i mbranda éadaí ar leith nach dtugann aird ar chearta oibrithe.

  • Tír: 

Sampla: ná hinfheistigh i ngnólachtaí tíre ar leith nó ag trádáil le tír ar leith nach dtugann aird ar chearta an duine.

Úsáideann dí-infheistiú cumhacht an sparáin phearsanta agus phoiblí chun iallach a chur ar earnáil / comhlacht / tír bearta a athrú.

Tá sé ciallmhar dí-infheistiú a úsáid mar bheart nuair:

  • Ba mhaith leat agóid a dhéanamh i gcoinne na gcleachtas de ghníomhaí eacnamaíochta.
  • Tá éileamh soiléir agat ar athrú.

Is fearr a oibríonn i dteannta le:

Cé go bhfuil sé tábhachtach a bheith aireach ar do chuid roghanna féin maidir le roghanna infheistíochta eiticiúla, ní bhraitheann gnólachtaí an difríocht ach amháin má dhíolann cuid mhór infheisteoirí agus / nó infheisteora mór a scair.
Dá bhrí sin, oibríonn dí-infheistiú i gcomhcheangal le cinéal feachtasaíocht eile, lena n-áirítear a chur ina luí ar shaoránaigh eile dí-infheistiú, agus / nó brú a chur ar institiúidí agus ar rialtais, déanamh amhlaidh.

Fiosraigh níos mó

Seo roinnt naisc úsáideacha