Caibidil 1

Cén fáth ar gá duit tú féin a athrú leis an domhan a athrú?

4 nóiméad léitheoireachta
1 gníomhaíocht

Maidir leis an tsochaí a athrú, is féidir linn smaoineamh uaireanta go bhfuil fadhbanna leis an éagóir agus an leatrom “thall ansin”. Tá sé mealltach smaoineamh nach í fhadhb a bhfuil freagracht againn air. Is féidir linn smaoineamh go fiú dá bhféadfaimis rialtais a athrú agus cumhacht a aistriú timpeall go réiteofaí ár gcuid fadhbanna.

Ar an drochuair, níl rudaí chomh simplí sin. 

Toisc gur torthaí muid uile den tsochaí a bhfuil cónaí orainn ann. Ciallaíonn sé seo gur féidir linn, fiú go neamhbheartaithe, a bheith ina gcúis dochair do dhaoine eile. Is féidir linn éagothroime a bhuanú- go minic gan a thuiscint go bhfuilimid á dhéanamh.

Sin an fáth go bhfuil sé de fhreagracht orainn uile muid féin a athrú agus an domhan á athrú againn. Ní bhíonn sé éasca i gcónaí - ach is próiseas lúcháireach é atá lán le hacmhainn agus deis. 

"“Má tháinig tú anseo le cabhrú liom tá do chuid ama á chur amú agat. Ach má tá do shaoradh ceangailte le mo chuid féin, ansin, oibrímis le chéile. "em> 

Lilla Watson, gníomhaí Bundúchasach

Le ró-fhada, chreid ár sochaí go mícheart gur féidir linn bheith i gceannas ar an dúlra, ar ainmhithe agus ar dhaoine eile ar bhealaí éagsúla. Tá torthaí an éagothroime seo le feiceáil faoi láthair i ngéarchéimeanna aeráide, ciníochais agus neamhionannais. 

Caithfidh an próiseas lenár ndomhan a shaoradh ó na patrúin fhorlámhais seo a bheith comhchoiteann. Tosaíonn sé le tuiscint, nuair a dhéanann duine cos ar bolg ar dhaoine eile, go bhfulaingíonn an t-ansmachtaí chomh maith . Tá an dá eispéireas seo idir an ansmachtaí agus an dream atá faoi chois nasctha. Trí chomhshaoirse is féidir linn an dá rud a athrú agus is cinnte go n-tathróidh.

Gan dul i ngleic leis an gcaoi ar mhúnlaigh ár sochaí sinn, is dóigh go leanfaidh na seanfhadbanna ár mbealach nua le rudaí a dhéanamh. 

Múnlaíonn fórsaí an ama a chuaigh thart struchtúir rialtais agus institiúidí eile, rud a chiallaíonn go mbuanaíonn siad na neamhionannais atá ann cheana agus go ndéanann siad arís iad. Is é ár ról siúd atá i gcumhacht a cheistiú agus a choinneáil cuntasach má táimid leis an domhan a athrú agus todhchaí níos dearfaí a thógáil. 

Is é an dea-scéal ná go bhféadfaimis bealaí sláintiúla a aimsiú le caidreamh agus cuideachta a dhéanamh lena chéile, linn féin agus leis an domhan timpeall orainn - trí athruithe a dhéanamh le sochaí níos fearr a thógáil. 

Tá sí ina freagracht againn córas malartach a chruthú a thugann aire do dhaoine agus don dúlra, agus a chinntíonn comhchuibheas ar domhan dúinn féin agus do na glúine go léir atá le teacht. Ach is níos mó ná freagracht atá sé. Is deis spreagúil é. 

Roinnt ceisteanna le machnamh air:
  1. Conas a dhéanfá cur síos ar na fórsaí a mhúnlaigh an córas eacnamaíoch agus an cultúr inar fhás tú aníos? An bhfuil rath ar cuid ach go bhfulaingíonn cuid eile?
  2. Cad a cheiliúrann do shochaí agus cad iad na luachanna atá aici? Conas a léirítear é seo i do chultúr - i scannáin agus i gceol mar shampla?
  3. An féidir leat smaoineamh ar thréimhse a mhothaigh tú as áit i do theaghlach, i do phobal nó i do scoil? An bhfuil sé seo nasctha le rud éigin i gcultúr do thíre ar mhaith leat a athrú?
  4. Cén chuma a bhfuil ar luachanna sláintiúla duitse? Cén chaoi a bhfuil siad seo difriúil ó luachanna na sochaí níos leithne?

Fiosraigh níos mó

Seo roinnt naisc úsáideacha